Scéim Cónaitheachta Gaeilge
Bí i do chónaí i lóistín Gaelach áit a mbeidh deis agat:
- lóistín a roinnt le cainteoirí Gaeilge eile agus tú ag tabhairt faoi do chéim in Ollscoil na Gaillimhe
- do chuid Gaeilge a úsáid agus a chleachtadh agus tú mar chuid lárnach de phobal Gaeilge na hOllscoile i do bhaile nua
- cur le do chuid scileanna teanga agus sóisialta ag na himeachtaí sóisialta Gaelacha agus cultúrtha a bheidh ar bun san Ollscoil agus a bheidh á reáchtáil ar an láthair lóistín
Beidh líon teoranta árasán ar fáil i mBaile na Coiribe agus beidh na seomraí seo a leanas ar fáil:
- Seomra Singil (en suite príobháideach)
- Seomra Dúbailte (en suite príobháideach)
- Seomra Singil (en suite roinnte idir beirt)
- Seomra Dúbailte (en suite roinnte idir beirt)
Ní bheidh seomraí gan en suite ar fáil faoin Scéim Cónaitheachta Gaeilge.
Conas iarratas a dhéanamh:
Má tá spéis agat sa Scéim Cónaitheachta Gaeilge, déan teagmháil le hOifigeach na Gaeilge (oifigeachnagaeilge@oegaillimh.ie) ag léiriú do chuid spéise sa Scéim. Spriocdháta: 31 Márta 2023.
Cuirfear gach mac léinn a léireoidh spéis sa Scéim Cónaitheachta Gaeilge faoi agallamh i mí Aibreáin agus cuirfear spásanna ar fáil i dTeach na Gaeilge bunaithe ar na hiarratais agus ar na hagallaimh sin.
Níl aon ghealltanas tugtha go bhfaighidh gach mac léinn a dhéanfaidh iarratas ar lóistín tríd an Scéim Cónaitheachta Gaeilge seomra – níl ar fáil ach líon teoranta spásanna.
Dá bhrí sin, moltar go láidir duit iarratas ginearálta a dhéanamh ar lóistín ar champas na hOllscoile freisin (eolas ar fáil anseo). D’fhéadfaí seomra a thairiscint duit má roghnaítear thú tríd an gcóras crannchuir (tabhair faoi deara, áfach, nach seomra i dTeach na Gaeilge a bheadh i gceist).
Tabhair faoi deara go mbeidh praghsanna éagsúla i gceist do sheomraí éagsúla.